Taighde Cliniciúil

Cad is Taighde Cliniciúil Ann?

Go ginearálta, déantar taighde cliniciúil i bPasanna. Pas 1, 2, 3 agus 4.

Staidéar Pas 1:

  • Cláraítear líon beag rannpháirtithe deonacha folláine nó othair dheonacha.
  • Déantar Tástáil ar shábháilteacht na cóireála trialaí agus cad a tharlaíonn dó I gcorp an duine
  • Maireann sé idir 6 mhí agus 12 mí.

Staidéar Pas 2:

  • Cláraítear na céadta othar.
  • Déantar tástáil ar éifeacht agus ar shábháilteacht na cóireála fiosraithe
  • Is féidir leis leanúint ar aghaidh idir 2 bhliain agus 4 bliana

Staidéar Pas 3:

  • Cláraítear na céadta nó na mílte othar.
  • Déantar tuilleadh tástála ar éifeacht agus ar shábháilteacht na cóireála fiosraithe
  • Is féidir leis leanúint ar aghaidh ar feadh 5 bliana nó suas go 10 mbliana.
Nuair a bhíonn staidéir phas 3 críochnaithe go rathúil, seolann an t-urraitheoir iarratas chuig na húdaráis sláinte i dtír amháin nó níos mó chun an chóireáil fiosrúcháin a fhaomhadh mar leigheas nó mar ghléas liachta.

Staidéar Pas 4:

  • Déantar é seo tar éis don chóireáil a bheith faofa i gcomhair úsáide
  • Cláraítear na céadta nó na mílte othar.
  • Déantar monatóireacht ar éifeachtaí fadtréimhseacha na chóireála
  • Is féidir leis leanúint ar aghaidh idir 4 bliana agus 8 mbliana.

Céimeanna an taighde chliniciúil